Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 192

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 192

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 192
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá ba agus laoigh againn sa bhaile. Tá ainmneacha ar chuid de's na buaibh. Nuair a bhíonn duine ag thiómaínt na mbó deireann sé i mbéarla "gurse" Is é "Coctail" an t-ainm ata ar an laigh. Stábla an t-ainm ata ar tigh na mbó.
    Nuair a geibheann na ba féar bionn cuid de fágtha agus cuireann sin mar easair fuithe. Cuireann na daoine píosa fáda admuid ins sheasamh le h-ais an bhaile agus ceangluigheann siad rud ar a tugtar slabhra ar an admuid agus ceangluigheann siad na ba de'n slabhra.
    Crochann na daoine cruidhre capaill i dtigh na mbó ionnus go mbéadh rath ar an stoc. Bíonn na ba cruidhte dhá uaire gach la ar maidin agus ;san oidhche. Ma biónn bo gan a bheith ceuidhte gach maidin agus oidhche, cailleann sí an bainne. Nuair a bhíonn an bó cruidhte ag duine craitheann sí bainne lé'n a lamha thart ar an bó. Ní cheart bó do crúdh direach tar éis laigh do bhreith acht is leór i do crúdh uair a chluig no dhá uair tar éis laogh do bhreith.
    Bíonn stábla le h-aghaidh an chapaill agus ní bhiónn se ceangailte ar chir ar bith. Bíonn rud ar a dtugtar "rac" ins an gcoirnéal cun an feír no an coirce a chur isteach ann le h-aghaidh an chapaill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Éil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leargain, Co. Mhaigh Eo