School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 10

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 10

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 10
  3. XML “Scéal 4 - Taibhse Bhunglas”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dha fhear ag deánamh póitín istigh i mBun-ghlas. Nuair a thainig sé go déidheannach san oidhche d’iarr fear acú ar an fhear eile (ghabhail) dul abhaile agus a shuipeár fein íththe agus a shuipeár-san a thabhairt fhad leis.
    D’imtigh sé.
    Ní rabh sé ach ar siubhal nuair a thainig rud éigin go béal theach na stille. Bhí fhios aige nach déagh rud a bhí ann agus thoisigh sé ag craitheamh braon beag uisge coisgreachta n-aghaidh agus bhí’n rud fanacht ar gcúl. D’aithin sé annsin gurb e’n t-óganach dubh a bhí ann.
    Nuair a chonnaic m’óganach an t-uisge coisgreachta ag éirigh gann thoisigh seisean ag éirigh níos dána.
    Bhí damhach mór dé uisge glán ag na thaobh agus dhoirt sé an braon beag a bhí aige isteach ann. Nuair a chonnaic an diabhal go rabh’n fársingeacht aige d’imtigh sé suas na splánnc teineadh an ált agus é ag tamhaint.
    Níor fhás a’n ghiob féir ar a lorg ariamh ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Language
    Irish
    Collector
    Tréasa Ní Ceinnide
    Gender
    Female
    Address
    An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Ióseph Uí Ceinnide
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
  2. (1) Na bain dé gheis agus ní bhainfidh geis duit.
    (2) Pós bean is Gleann agus pósfaidh tú Gleann uilig.
    (3) Ma tá ceárr ort gabh na Bhogaigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.