Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an bhliadhain 1887 cuireadh ball / brainse de Chomhlucht na Talmhan ar bun i gCloich Cheannfhaolaidh. Toghadh coisde de'n chomlucht sin le obair an chumainn a iomchur amach. Tionóladh cruinniughadh de'n chuman seo fá Shamhain 1887 ins an t-seomra a bhí fá choinne na h-ócáide, faoi stiúradh agus ar órdú an Athar Mhic Stiopháin (Fr Stephens). Bhí tionóntaidhí an Olfartaigh uilig cruinn ann. Cuireadh an rún seo roimh a rabh i láthair: "Nach ndíolfadh na tionóntaidí aon chíos leis an tighearna - an t-Olfartach i bhí in a chomhnuidhe i mBaile Uí Chonaill an áit a bhfuil an Choláisde Brighde anois - go dtí go dtabharfadh sé locáiste de 3/6 sa £1 dóibh. Bhí na báirr olc, agus ní rabh teacht isteach ag na daoinibh. Chuir an cathaoirleach a bhí ar an cruinniughadh - an t-Athair Mac Stiophain - beirt fhear chuig Seóirse Mac a' tSeachlainn (George Houston) i.e. agent an Olfartaigh - ag iarraidh an locáiste 3/6 sa £1 air. Ba é an bheirt fhear a bhí ann Seán Mac Aoidh as an Baile Úr, Baile Uí Conaill agus Pádraic Mac Fhionnghaile as Baile an Easa. Chonnaic siad an t-agent in a oifig; chuir siad a ngnaithe i n-iúl dó, agus sé an freagair a thug sé orra go gcuirfeadh sé cioth próistí chuig na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)