Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 140
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgeal.Bhí fear ann uair amháin darbh’ ainm Sean. Bhí sé na chomhnuidhe le na mhthair. Ní rabh morain ciall aige. Lá amháin chuir a mhathair é go dtí an aonach le bó. Cha dteachaidh sé i bhfad gur casadh fear air. D’fhiafruigh an fear do cia bhféid a bhí a dhithair ar an ghabhar. Dubhairt Sean nach gabhar a bhí ann acht bó mhaith. Dubhairt an fear, “Teidh ar aghaidh agus tcidhfidh tú”. Cha dteachaidh sé i bfhad gur casadh fear eile air. D’fhiafruigh sé do cia bféid a bhí i dhith air ar an ghabar. Dubhairt Sean nach gabhar a bhí ann acht bó mhaith. Dubhairt an fear “Teidh ar aghaidh agus tcidhfidh tú”. Cha dteachaidh sé i bhfad gur casaidh fear eile air. D’fhiafruigh an fear do cia bhféid a bhí i dhith air ar an ghabhair. Dubhairt Sean leis féin, “Caithfidh sé gur gabhar atá ann no deir achan nduine é”. Annsin dubhairt Sean go nglacfadh sé punta ar an ghabhar. Dubhairt an fear go dtabharfhad sé deich sgilling do. Annsin thainig fear eile thart agus sgoilt sé deich sgilling eatorra. Agus ghlac Sean cúig sgilling dheig ar an bhó. Nuair a chuaidh sé na bhaile bhí a mhathair ar mire leis. Dubhairt Sean go mbeadh dioltas aige an dara aonach. Chuaidh sé go dtí an dara aonach. Chuaidh sé isteach go trí theach thabhairne. Agus thug sé cúig sgilling do achan fhear. Dubhairt sé ins na trí tighthe go dtiocfadh sé isteach ar ball agus fear leis agus nuair a bhéadh an cúig sgilling(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máighréad Haimlet
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús Mac Lochlainn
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall