Scoil: An Mhainistir, Carrabeg

Suíomh:
An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Br. Coinleith Ó Mainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0212

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
  2. XML Leathanach 0212
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. San inid an t-am is mo a phósann daoine. Sé sin, ó Eanair go dtí timcheall an chéad lá de Márta. Dé Lúan agus Dé Deardaoin na laetheannta is a phósann daoine. Deirtear nach mbeadh aon ádh ortha dá bpósadh síad aon lá eile de'n t-seachtmhain.
    Seo é an chaoi a dhéanann síad an cleamhnas. Ar dtús núair a bhíonns aonach sa mbaile Mór tosuigheann síad ag caint faoí an mbuachaill agus an cailín seo, agus annsin teigheann síad go dtí an teach geibheann síad lá speisíalta de'n phósadh . Tugann cuid de na daoine airgead agus cuid eile stoc mar spré. Tugann síad de réir an sort duine a bhíos ann.
    Fadó núair a phósfadh beirt ní rachfhadh síad chun aifreann an chéad Domhnach tar-éis sin ach níl sé mar sin anois. Fadhó caiple agus cáranna a bhíodh ag an bpósadh agus daioine lé capall-díolaid ag déanamh rásaí leó féin.
    Bhí fear i Muc-Ruis fadó agus bhí caiple imthighthe roimhe agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Scolaighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Scolaighe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe