Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0085

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0085

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0085
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tagann lucht siubhal chugainn ó am go h-am. Ní h-iad na daoine céadhna a thagann i gcomhnidhe acht stráinséirí an cuid is mó díobh. Ní bíonn fhios againn ar ainm gach duine aca, acht seo iad ainm ar bheirt: - Ó'Ceallaigh agus bean darbh ainm o'Glaoin. Tagann an céad duine ó Baile Locha Riach agus an duine eile í Dún Mhór.
    Bíonn peann luaidh agus lasaí agus peanna aca abus bíonn na daoine 'ghá gceannach go minich mar is mór an "call" ortha. iompuigheann siad na hearraidhe sin i cásáibh agus bíonn a lán sin aca. Cásaí mhór ann agus bíonn siad sásta le'n a méid a ndíolann siad.
    Ní bhíonn fáilte roimh cuid aca mar is mór an "pester" a bhíonn siad ann. Bíonn siad ann tamall maith agus ní thógann cuid aca "ní'l aon rud agam" mar freagra uait. Codluigheann siad in aon tighe 'na mbíonn an cead aca a stad ann, acht ní h-iarann ortha acht béagán airgid.
    Géibheann siad bíadh ó na daoine anois agus aríst acht is fearr leó an airgead ná aon rud eile. Is maith leó uaireannta déirc a iarrann ar na daoine mar pinginn nó mar sin nach gceannóchadh aon rud in a hearailde uatha. Nuair a gheibheann siad déirc uait tosnuigheann siad mar seo: - "Go mbeannuighidh Dia thú" nó "go gcomáidfidh do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann