Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0022
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhrógaibh freisin. Bhíodh mheannaithe aige le puill do chur ins an leathar. Bhíodh táirngí aige agus bhíodh sé 'ghá chur ins an leathar. Bhíodh casúr aige freisin agus chuireadh sé na táirngí isteach san leathar leis an gcasúr. Rinne sé go leór bróg ndeas do daoine tart fá'n duthaigh. Do bhí siúnéir in a chomhnaidhe i mBaile na Cloice.
- Pósann a lán daoine san Inid. 'Sé Máirt na h-Inide an lá deireannach le pósadh roimh Carrhghas. Bíonn na daoine ag caitheamh salainn agus rís ar na cailíní na phósann san Inid ar Máirt na h-Inide agus ar Domhnach Cásga. Siad na laetheannta míd-rathmhar chun pósta, ná an Aoine agus an Satharn agus siad na míonna míd-rathmhar chun pósta ná Lughnasa, Meadhon Fóghmhair agus Deireadh Fóghmhair. Déantar cleamhnaisí san cheanntar seo. 'Sé Mícheál Ceárr an duine is fearr chun cleamhnaisí do dhéanamh thart fá'n cheanntar seo. Tugtar airgead mar spré do'n chailín. Tá Mícheál Ceárr i na chomhnuidhe san gCéibh.