Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- XML Leathanach 0173
- XML “Scéalta”
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghabhar i n-áit an fhir mhairbh. Tháinic na gárdaí agus chuaidh siad síos ins an bpoll agus nuair a chonnaic siad an dá ghabhar thosuigh siad ag gáiridhe agus d'imthigh leo. Chuaidh an t-amadán go dtí an áit a raibh an t-ór agus fuair sé go leór óir ann agus bhí siad saidhbhir uaidh sin amach.
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chomhnuidhe i dteach é fein agus a mháthair agus bhíodh solas faoi'n leabhaidh chuile oidche. Oidhche amháin bhí air a dhul go Gaillimh ag ceannacht rudaí. Chuaidh sé ann agus bhí sé ag teacht abhaile nuair a d'éirigh rud ar an mbothar roimhe agus shíl cic a thabhairt dhó ach d'imithigh sé uaidh. Is gearr go dtáinic cú mór agus bhí sé ag imteacht roimhe go deo nó gur shíl sé é a bhualadh annsin d'imthigh sé. Is gearr i n-a dhiaidh sin go bhfaca sé bairille ag damsadh ar an mbothar agus is gearr a bhí (sé) ann nuair a shíl an fear cic a tabhairt dó. Is nar thuit an fear as a sheasamh agus bhí sé go dona go ceann míosa.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Bhailis
- Inscne
- Fireann