Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0115
- XML “Triúr Mac na Baintrí”
- XML “Taise Pháidín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mé, ní fhaca mé aon chuach cheana ariamh" ars' an buachaill. "Ná bac anois lé dhul ag breathnúghadh uirthe" adeir an máighistir. Chuaidh mac na baintreabhaighe ag breathnú uirthe, thosaigh sé ag caitheamh clocha suas san gcrann mar bhí fhios aige go maith gurbh í an tsean-bhean a bhí ann. Mharbhuigh sé an tsean bhean a bhí ann. (Mharbhuigh) Chuaidh sé abhaile chuig a mháthair agus bhí fáilte mhór aice roimhe.
- Taise PháidínBhí sean-Pháidín agus a bhean ina gcomhnaidhe i dteach beag ar cholbha sléibhe. Bhí buachaill aimsire aca. Aon lá amháin dubhairt Sean-Pháidín leis an mbuachaill go gcaithfeadh sé a dhul ag siubhalóid an lá seo agus go mbeadh sé ar ais tráthnóna. Tháinig an tráthnóna acht níor tháinig Páidín. Bhí sé imthighthe ar feadh seachtmhaine(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Conghaola
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Bean táilliúra (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe