Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí féilméar ann fadó agus ní raibh aige acht aon mhac amháin agus bhí an-chion aige air. Aon oidhche amháin buaileadh an doras agus iad 'na suidhe i gciúis na teineadh. D'eirigh an feilméar agus d'osgail sé an doras. Tháinig gaisgidheach mór isteach agus culaith faisionta air. D'iarr sé lóistín na h-oidhche air. Dubhairt an feilméar go dtiubhradh agus fáilte. "Anois," a dubhairt an gaisgidheach, "tá aon fhear déag eile in éindigh liom a' bhféadfá lóistín na h-oidhche a thabhairt dúinn go léir."
"Is suarach liom mar tá sé agam le t-aghaidh acht má tú sásta níl aon doicheall romhaibh." Tháinig siad isteach agus thug an feilméar beilidhe dhóibh. Chuadadar a chodhladh go léir. Ní leis an ngaisgidheach do b'fhaillighe é; bhí sé na shuidhe le giolcadh na fuiseoige. Fuair siad breacfasta agus tar éis an bhreicfasta, dubhairt an gaisgidheach le na chuid fear píosa clis a dhéanamh agus a leithéide de ghníomhartha ní fhaca aon duine riamh. "Níor b'fhearr liom ná chuid mhaith dá mbeadh mo mhac i ndon na clis sin a dhéanamh," adubht. an feilméar.
"Má leigeann tú liom-sa é go ceann lae agus bliadhna" adeir an ridire, "beidh sé comh maith le duine ar bith de(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig ac Thuathaláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Seosamh Ó Cúláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe