Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl mórán lucht siubhail ag dul timcheall anois acht bhí go leor aca ann fadó. d'Fanadh siad oidhche i ngach teach agus chruinneadh na comharsanna uilig isteach ag éisteacht leo ag ceól nó ag innseacht sgéal.
    Seo cuid aca:
    Craubhwell, bheileadóir do b'eadh é, bhíodh fáilte roimhe i gcomhnuidhe. Bíodh damhsa san dteach a bhfanadh sé agus teigheadh duine éicint timcheall le cáipín agus gheibheadh sé cúpla phiginn ó gach duine le'n a aghaidh. Padhraig Ó Máille ceann eile as Mhuigheó, bhí sé an-chrosta; agus bhíodh faitchíos ar na daoine roimhe. Ag déanamh blathanna páipéir bhíodh sé agus 'ghá ndíol. Patsy Cavney: bhí sé 'na cheoltóir breágh chasfadh sé port do aon duine ar phiginn. Tomás Bídeach: ag déanamh suas ranna bíodh sé i gcomhnuide. Patsy Gunby as Iorrus Eannach, bhí sé as a chiall bhíodh sé ag rádh le na daoinibh i gcomhnuidhe cnámh a bhaint as a mhuinéal go raibh sé ann. An t-am deireadh bhí sé timcheall bhí sé an-lag, ag dul isteach i n-aice Cloch na Rón thuit sé ar mbóthair tugadh treasna go Iorrus Eannach i mbád é, agus cailleadh ar an mbealach é. Padhraig Rainey as Gaillimh ag déanamh "ballads" bhíodh sé ar feadh ama an chogaidh. Padhraig Runney as Cláir ag cruinniú ólna bhíodh sé mar bhí sé an-daor am an chogaidh. Thugadh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Níc Donnchada
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Miceál Mac Donncada
    Inscne
    Fireann
    Aois
    43
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe