Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 111
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air an áit sin mar bhíodh fear dar ainm Dhearmúíd ina comnuidhe san Árd Mór agus bhíodh sé ag fánacht le traig go minic agus d'fánach sé san áit seo go mbíod an traigh ann
Balla Páidín
Tugtar an t-ainm sin air mar bí fear ina comnuidhe san Áird Mhóir agus sé an áit a raibh a teach ná amuigh ar an gcnoc agus Páidín an t-ainm a bhí air agus sin é an fáth a tugtar Balla Pháidín ar an áit seo.
Garrda na raoisigh: Garrdha atá san áit a mbíodh sean daoine ag cur raoiseach mar leasú air fadó le h-aighaidh fataí.
Tulach na mban. Áit a mbíod mná le feiceál acht mná sidhe a bhíodh ionnta.
Leic na ceardcan. Leic a mbíodh ceardca ag gabha ann fadó.
Clocar an mhada. Clocar in a marbhuigeadh daoine madaí uisge ann san t-sean aimsir.
Cnocáinín Bhairbre Ní Giolla. Cnocaínín a mbiodh sean bhean a bhí na comhnaidhe ann in a suighe ann gach trathnóna