Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 408

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 408

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 408
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chonnaic sé an páiste. 'Mac atá ann' a deir an mháthair, agus thóg an fear in a lámha é agus cheap sé go bhfaca sé an páiste ag fás in a lámha. 'Oiread m'ordóige atá ann go díreach' a deir sé, agus iongnadh an domhain air go raibh an páiste chomh beag sin. An fhad a bhíodar ag breathnughadh air cé tháinig isteach an fhuinneog ach bainrioghan na sídhe. Thóg sí an paiste agus phóg sí é. 'Oiread m'odróige atá ann go díreach' a deir an fear. Annsin dubhairt an bainrioghan leo 'Oiread m'ordóige' a chur mar ainm air, agus ghlaoidh sí ar na sidheoga eile a bhí amuigh go ndéanfaidís éadaigh don pháiste. D'orduigh sí dóibh é a ghléasadh agus rinne. D'fhág na sidheoga agus a mbrainrioghan a mbeannacht ag an bpáiste agus ag an mbeirt.
    Ní raibh ordóg ró-mhór ar an talmhaidhe ach 'Oiread m'ordóige' níor fhás sé riamh chomh mór léithe. Ní dhearna sé lá mhéid raiamh seachas mar a bhí sé, ach d'éirigh sé an chríonna glic leis an aimsear, mar níor chuir a mháthair a dhóthain comhairle air. Bhíodh sé ag imirt clocha sgead le gasúir eile, agus bhíodh a mhailín fein ag gach duine aca. Nuair a chailleadh 'oiread m'ordóige' a chuid fein d'éaluigheadh sé isteach i máilíní na ngasúr eile agus ghoideadh sé na méaróga uatha.
    D'éaluigheadh sé amach arís i ngan fhios dóibh agus a phóca lán de chlocha agus thosuigheadh sé air ag imirt arís. D'fhan sé ró-fhada i mála lá agus d'airigh na gasúir é. Nuair a chuir sé a chloigeann aníos as an mála 'Tá tú againn anois' a deir siad a ghaduidhe. Is tú a bhí ag goid uainn agus ní raibh fhios againn cá raibh na clocha ag dul'. Gheall siad dhó go bhfuigheadh sé túirne Mháire mar bhí sé tuillte aige le fada an lá. Rug siad air agus chuir siad síos san mála é agus cheangail siad é agus chuir siad iallach air a leith-sgéal a ghabháil agus a rádh nach ngoidfeadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0700: Tom Thumb
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Cartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    10
    Seoladh
    Carna, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Caulfield
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85