Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 455
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'Ní bheidh an cailín ag cachtar agaibh, caithfidh mé fios a fhághail cé agaibh is leisceamhail'. D'fhiafruigh sé annsin 'cé chomh leisceamhail is atá tusa', a deir sé leis an gcéad mhac. 'Tá mé chomh leisceamhail' a deir sé 'is dá dtuitfeadh splanc ar mo bhróg nach dtógfainn í go ndóighfí mo bhróg, nach dtógfainn í go ndóighfí mo stoca, nó go ndóighfí mo chos. 'Cé chomh leisceamhail atá tusa' a deir sé leis an dara mac. 'Tá mé chomh leisceamhail' a deir sé 'is dá dtéighinn ag marcaidheacht ar chapall nach gcoróchainn go mbeadh leath dhíom ar a chaon taobh di'. 'Cé chomh leisceamhail atá tusa', a deir sé leis an tríomhadh mac. 'Tá mé chomh leisceamhail' a deir sé 'is an taobh a d'ionntóchainn leis an mbean óg sa n-oidhche nach gcoróchainn uaidh go dtí ar maidin.' 'Ó is agat a bheidh an bhean' a deir an fear leis mar níor labhair aon duine ar an mbean óg ach tú féin'. Tamall 'na dhiaidh sin phos an bhean óg agus an tríomhadh mac agus bhí saoghal deas aca ó shin amach.
- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe