Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán

Suíomh:
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Peadar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 403

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 403

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Leathanach 403
  3. XML “Guí an Ghréasaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon lá amháin chuaidh trí fir amach i mbád bheag ar an bhfarraige. Bhí táilliúr gobha agus gréasaidhe ann. Nuair a bhí siad i bhfad amuigh ar farraige, d'éirigh an ghaoth go hobann, agus bhí na tonnta móra ag teacht isteach san bhád.
    Tháinic eagla an-mor ar na fearaibh, agus ghlaoidh siad amach: "N'íl neart againn air gan a bheith báidhte, muna dtugaidh Dia lámh chugainn agus is fearr dúinn a ghuidhe".
    "Oe chá dtuig liom-sa," ars an táilliur. "Monuar rinne mé dearmad ar m'urnaidhtibh."
    "Tá mise ar an dóigh chéadna", ars' an gobha.
    Annsi thug an gréasaidhe air fein guidhe ar a son uilig, agus dubhairt sé, "A Dhia láidir, chan iarr me dadaidh ort agus chan chuir mé buadhirt ort le seacht mbliadhnaibh anois, agus dá sábháltá an uair so inn bhéarainn mo gheall duit nach gcuirfinn-se buaidhirt ort go ceann seacht mbliadhan eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Coll Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann