Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 122
- XML “Ciste Óir”
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfuil ciste Óir i bhfolach i gCorruabach. Acht tá baramhail ag daoiníbh an áit a bhfuil sé. Chuir fear darbh' ainm Seán Corruabhach ann é. Fágadh i bhfolach annsin é; mar dúbhairt cáilín ruid éigean in a aghaidh, nuair a bhí sé ag dul dhá fhágáil ag duine éigin. Ní dhearnadh aon iarracht ariamh é a fhágáíl. Is é an saidhbhreas atá i bhfolach ann. Ór agus copar. Is fuí na céadta púnt an stór. Tá sé suas le dhá chéad bliadhan ó bhí an fear sin ann, agus ní raibh a fhios ag mórán daoine cá raibh sé.
- Bailitheoir
- Tomás Uá Coincheannain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Uá Coincheannain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Tá sé ráidhte go bhfuil ór le fágail sa Réalág i Gcill Éithne. Tá sé ceaptha amach gurb ag na bráithríbh a bhí sé. In aimsir na géir-leanamhna a chuir siad i bhfolach ann é. Chuaidh fear ar a thóir agus bean, agus níorbh é a fear fhéin a thug sí léi, acht comharsa. Thug sí a mac fhéin léi, agus sheas sé ins an áit a raibh an dór. Dúbhairt sí leis an gcomharsain an áit a chartadh, agus chart. Bhí sliogáin faoi'n(leanann ar an chéad leathanach eile)