Scoil: Leath-bhaile
- Suíomh:
- An Leathbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leath-bhaile
- XML Leathanach 260
- XML “Ainmneacha Áiteann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cainnt a chualas ó mo shean-athair, Domhnall Pléamonn - ceithre scór bliadhain
AN PAIRCÍNpáirc m'athair atá suidhte in aice mo tighe. Páirc bheag iseadh é
CROC a SGÁTHcnoc ar talamh m'athar. Tá sé suidhte ar an taobh thuaidh de'n mbothar atá ag dul tré Chortún
CLAISÍN na bPÍOBAIRÍpoll bheag ar thaoibh theas Cnoc a Sgáth. Bhíodh ceól phíobairí le cloisteál ann nuair a bhí mo shean-athair óg.
CLOCH MHÓRcros bhothar in aice le 'Cnoc a Sgáth'. Baistigheadh é ó chloich mhór atá ar an thaobh an bhothair le h-ághaidh daoine ag dul ag marcuidheacht ar chapaill. Níl acht píosa beag de'n chloich le feiceál anois mar tá an cuid clúduighthe le créfóig.
AN GUIRTÍN GLEANNACHpáirc m'athar. Tá sé íseal in a lár agus tá trí acra ann
POLL a' SAILIGHpoll uisce ar thalamh Uí Aodha i mbrocac. Thugadh an t-ainm sin air mar tá sailtheóga ag fás thart air.
TURLOCHpáirc m'athair. Páirc íseal in a luigheann uisce sa nGeimhreadh 'seadh é.
CNOCAINÍN REAMHARpíosa de thalamh árd ar fheilm m'athar. Sórt cnocán atá ann acht tá sé cothrom ar a bhárr. Acra talmhan atá ann.
CLAIS MHÓRpoll ar thalamh m'athar. Bíonn uisce ann tar éis fearthainn trom
Address - Cortoon, Barrarea, Tuam- Bailitheoir
- Domhnall Pléamonn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cartún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Domhnall Pléamonn
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80