Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 222
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a théigheadh Seán amach i mbun a chuid oibre d'isfeadh sí a dóthain. Bhí an rud seo ag dul ar aghaidh ar feadh trí seachtmhaine. I rith an ama seo go léir níor ith Seán blas bíd. Annsin chaill sé an cainnt.
Tháinic faithchíos ar Sighle annsin . Cuir sí in a leabha, agus mharbhuigh sí sicín dó. Thug sí fíosa beag do'n tsicín do le n-ithe. Tháinic an cainnt ar ais chuige agus dubhair sé "tuile, da mbeadh sé agam." Ní raibh sé in ann rud ar bith eile a rád, agus lean sé air ag rádh " ruile dá mbeadh sé agam" i gcomhnaidhe.
Chuimhnigh Sighle ar chleas. Chuaidh sí go dtí an baile mór ar an bpoinnte boise. Chuaidh sí go teach an dligheadóra, agus dubhairt sí leis, "tá m'fear, bocht buailte síos breoidhte sa mbaile. Dubhairt sí liom an dhigheadóir a thabhairt chuige, an fhaid is atá sé in ann ucht a dhéanamh." Fan anois go bhfuighidh mé mhala, agus annsin rachaidh mé leat go dtí d'fear," adeir an dligheadóir. Nuair a shrois siad an teach bhí Seán ag rádh " tuile, dá mbeadh sé agam" fós. Thug Sighle an dligheadóir go dtí an seómra ina raibh Seán. "Anois a Sheáin tá an dligheadóir annseo, agus tá chuile rud réidh le d'ucht a dhéanamh, agus nach bhfágfaidh tú do mhian ar fad agamsa, a Sheáin, a chroidhe".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hEóláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe