Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní dearna an t-éan sin aon rud as an mbealach in a dhiadh sin.
    Cuirtear páistí ins an reilig eile atá ins an bparróiste seo.
    Rudaí fé leith go mbíonn meas ortha.
    Gach Lá Fhéile Bríghde dár éirigh linn chuir muid suas ‘Crois Bríghde’ i n-onóir do naomh an lae. ‘Sé an chaoi a ndeintí an chrois ná: cuirtear dá chláir nó dá chipín i bhfuirm croise. Greamuightear le chéile iad go daingean le táirgne beag agus ceangluightear de na frathachaibh é.
    Gléasann buachaillí iad féin suas agus déanann siad bríghdeóg le punann agus píosa d’éadach bháin timcheall uirttí agus deireann siad ag gach doras: “Seo í Naomh Brighid is í gléasta go breágh tabhair di rud éicint in ónóir do’n lá.” Tugann bean a’tighe pighin nó ubh do na buachaillí. Gheibheann siad rud eicínt i ngach teach.
    Gach Nodhlag cuirtear cuileann ar chúl gach pictiúr. Domhnach na Failme cuirtear an Fhailm beannuighte suas i ngach uile pictiúir. I mí Bealtaine cuirtear píosa de chrann bealtaine ó’s cionn na dóirse ar faitíos go dtiocfaid na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge