Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 041
  3. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    oideacas i gcoláiste faigtí ag na múinteoirí acht bhíodh na rudaí de ghlan mheabhair aige agus bhíodh ar na "sgoláirí bochta" é d'foghluim de ghlan mheabhair freisin.
    Ní bhíodh (na rudaí de) binnsí na suidheacháin aca ar chur ar bith. D'féadfadh sgoláire binnse a thabhairt leis ó baile dá mba mian leis acht is ar clocha a shuidheadh furmhór díobh.
    Cleití gé abíodh mar cóir sgríobhtha aca. Bhíodh slinntí agus "pinn slinne" aca freisin. Dhéanfadh luach pigne de na slinnte sin tú ar fead bliadhna.
    Stroinséirí (agus) de mbeadh furmhór de na múinteoirí agus ní bhíodh meas orra seachas ar duine ar bith eile. Bhíodh sgoil i dteach an Bhreathnaigh i gClann Mór; i dteach Osborne i gCarramore; i dteach Cartúra (?) i Wormhole (Bill Mahon ainm múinteora a bhí annseo); i dteach Liam Ó Modhráin i bpairc agus bhí sgoil ar thalmh Hifearnáin (?) i gCaladh na Muc. Tá iarsma na sgoile seo ánn fós. Ceann tuighe a bhí air, agus bhíodh fearr darbh ainm Mc Grath ag muinead ánn.
    In 1884 tógadh an Sgoil Náisiúnta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ruaidhri Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Ruaidhri Mac Suibhne
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe