Scoil: Líonán
- Suíomh:
- An Líonán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig M. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má fheiceann tú an ghrian agus í ag dul isteach san spéir, tá báiste ag teacht. Nuair a bhíonn fáinne thart timcheall ar an ngealaigh deirtear go dtagann sneachta. Má bhíonn realtaí ag damhsadh san spéir cómhartha é sin go mbeidh sioch ann an oidhche sin. Nuair a bhíonn sé ag cur báiste agus má thagann scámallaí síos ar bhárr na sléibhthe comhartha é sin go mbeidh sé tirm. Nuair a bhíonn na fáinleoga ag eitealt ós cionn na talamhn beidh an lá ‘na dhiaidh ana-fhliuch. Nuair a bhíonn an spéir dearg san iarthar ar maidin is comhartha é go mbeidh an aimsear go dona. Nuair a bhíonn sé dearg sa tráthnóna is comhartha é go mbeidh aimsear breagh ann. Nuair a bhíonn scamallaí ag rith go tapaidh san spéir tá báisteach air. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Breandán Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Líonán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Michael Holland
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Líonán, Co. na Gaillimhe