Scoil: Corr na Móna

Suíomh:
Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Maille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 226

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 226

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr na Móna
  2. XML Leathanach 226
  3. XML “Goid an Ime”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Goid an Ime
    Bhí obair thiar i gconamara fadó agus bhí go leór daoine as an taobh seo ag obair ánn
    Lá amháin dúbhairt an ceannfuirt a bhí ortha lé fear a dhul siar ag an theach fhéin i gcoinne splaince. Chuaid an fear siar Bhí bean an tighe a deanamh maisdreadh. Shuid sé síos ar an mbac go mbead an maisdread deanta ag an mbean mur chuala sé nach raibh sé ceart splanc a thabhairt amac nuair a bhead duine a deanamh maisdread
    Dfiarfuigh an bhean dhó céard a theastuig uaid. dúbhairt sé nac ar theastuig tada Teastuigeann a deir sí. Teastuigheann splanc uait ac ní maith leat í a thabhairt leat. Croc leat í níl annsin ach seafóid
    Bhí bean an gheafair ina suidhe ar cathaoir lé hais na teineadh agus ní raibh sí a rád tada. Bhí an fear a dul a tabairt leis na splaince. Féac a deir sí tá fhios agamsa nach seafóid é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Duithche
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe