Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 497
- XML “Scéal Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus theastuig bean chabartha uaidh. Ní raibh sí sin lé fághail in aon áit ac[h] thiar í nDúnchaoin. D'imt[h]ig sé leis aon oidhche amháin timcheall a dó dhéag a chlog agus nuair a bhí sé ag gábhail aniar in aice leis an gClasach do chonnaic sé sprid agus d'f[h]iarfuig sí dho cad chuige go raibh sé amuig cómh déanac san oidhche d'innis sé dí. Annsan dúbhairt an fear léthe leigeant leis anoc[h]t go dtí s'oidhche amáireach agus go dtiocfadh sé cuicí annsan. Ní leighfeadh a dúbhairt sí "leig" a dúb[h]airt an fear arís. Seadh dúbhairt an sprid go leigfheadh ac[h] mar dtiocfadh sé amáireach gan a cheann do chuir amach thar doras go deó arís. Lá ar mhaíreach tháinig a dearbhráthair isteach agus d[']fiafruigh sé do' n mnaoí éabhartha cá raibh fear an tíghe agus dúbhairt sí leis go raibh sé thoir í dtig na mba ag caitheamh amach an aoilig. D'imigh sé soir agus nuair a chuaidh sé soir is amhlaidh a bhí a dhearbhriathair ag gol. D'fiafruig an dearbhrathair do cad a bhí air agus d'innis sé do dúbhairt sé leis dul go dtí an saghairt paroísthe do bhéin agus dúbhairt an saghairt leis bheith thuas ar an gClasach ar a dó bhéag a chlog agus buidéal uisce coisreachan a bheith aige do bhéin nuair a tháinig an saghart do chaith sé an t-uisce(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seosaimh O Cíobháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Guitín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Cill Ura Thoir, Co. Chiarraí