Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 711

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 711

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 711
  3. XML “An Capaillín Giobalach”
  4. XML “Scéal - An Gadaí Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dtí go ndubhairt an bean leis go raibh sí le pósadh an oidhche sin le na deagh-bhráthar an oidhche sin. Annsan cuaidh an beirt aca go dtí an Rígh. Sin é do mhac óg arsa an bean leis. Ó cad d'imthig ort arsa an rígh leis. Is liom an bean so arsa an mac agus níl sé ceart ag an dritheár críonna í d'fághail. D'innis sé an scéal go léir d'á athair agus annsan do thuig an rígh cad a bhí déanta. Diompuig sé go dtí an beirt mac eile agus dubhairt leó bheith amuich. Do chuir sé as an tig an oidhche sin iad mar gheall ar an rud a bhí déanta aca. Annsan d'iompaigh an sagart ar an drithear agus an bean agus pósadh an beirt. Do thug an Rígh a ríoghacht don mac óg ó's rud é go raibh sé tuillte aige. Do mhaireadar go sásta as san amach. Sin é mo scéal sa is má tá bréag ann bíodh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí fear bocht ann fadó. Do bhí aon mac amháin aige. Do bhí sé ag obair ag an dTighearna a bhí ins an áit. Gach lá do bhíodh rud éigin goidtaighte aige ón dtighearna. Do bhí an tighearna as a meabhair aige. Do bhíodh sé ag guid gach lá uaidh. Dubhairt sé le na athair mar gheall air. Bhí an t-athair go cráidte mar bhí fhios aige ná féadfadh deire a cur leis mar geall air gaduidheacht. Dubhairt an tighearna le athair an buachalla go mbéadh a ceann ar an mbloc mar a goideadh sé an capall bán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás O Maoleoin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí