Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 292

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 292
  3. XML “Dónall Ó Conaill i Londain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tímceall ceud bliadhan ó shoin bhí Dómhnal Ua Connall na chómhnuidhe i Lonndon. Do bhí sé i lóisdín i dtig ósda agus do chuir sé féin agus ounéir an tighe ósda aighneas ar a chéile agus is beag ná go raibh achran eadortha. Dúbhairt Dómhnal go bhfeudfhadh sé díol as an seómra ab fhearr a bhí sa tigh ósda. Dúbhairt an t-ounéir ná feudhfhad sé ná aon spailpín eile ó Éire. Le na línn sin do tharring an Conalach lán a laidhir d'ór as a phóca agus d'fhiafruig sé de'n ounéir an mór é an t-éileamh. D'fhiafhruig an t-óunéir de an fada a theastuig uaidh é chíosú. Dúbhairt an Conalach gur theastuig uaidh an seómra do chíosú ar feadh deich mblian de réir na seachtmhaine. Dúbhairt an t-ounéir gur theastuig púnt sa t-seachtmhain uaidh ar an seómra. Bhí an Conalach sásta agus dhein sé féin agus an ounéir an margadh. Bhí beirt fhiné láithreach acu.
    D'imthigh an Conalach annsan agus thug sé leis beirt thíncéir agus cheannuig sé stáin dóibh. Thosnuigheadar ar an stáin a phleascadh agus do dheineadar an oiread sin [?]fuaime
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí