Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 01_025
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an sórt biadh a bhíodh ag na sean daoine fadó ná fataí, iasc, min-choirce, agus min-buidhe. Do bhíodh na fataí aca trí huaire sa ló. Do theighidís amach ar maidin ag an gcladach 'na dtroscadh agus nuair bhíodh na ba blighte ag na mná thiubhraidís amach na fataí aca agus bainne freisin. Ní bhíodh mórán plúir ag na daoine an uair sin mar bhídís bocht agus freisin bhíodh an plúr gann. Ghnídís cácaí as na fataí tré na sgríobadh, leí scréiper le na fáisgeadh agus a leathnú ar éadach agus annsin é bhruith agus buc a thiubhraidís ar na cácaí a dheinidís mar sin. Ní bhíodh mórán feola aca chor ar bith fadó agus na daoine a mbíodh béile feola aca is caoir fheoil úir a bhíodh aca. Bhíodh iasc go minic aca mar bhíodh na fir ag iascach langaí, crudain, sgadáin, agus balachan. Ní bhíodh aon bhia áirithe aca ar ócáidí speisialta. Bhíodh trí nó ceithre uibheachaí ag gach duine Domhnach Cásca. Ní bhíodh aon chupáin ag na sean daoine fadó.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chonceanainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe