Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seanchas i dtaobh na h-aimsire.
Tá go léor comharthaí ag na sean daoine le fáisnéis a thubhairt ar an sórt aimsire a bhíonn le teacht.
Baineann said meabhair (a) ón gealaigh, (b) ón ngréin, (c) óna [réabcógaí], (d) ón bhfairrge, (e) ón gaoith, (f) ón spéir agus (g) rudaí beo.
(a) Deirtear go bhfuil go leor ag an ngealaig le déanamh leis an aimsir. Tagann atrú ar an aimsir in-éadan gach ceathrú don ghealaigh. Ma bíonn droch aimsir ann lé tús gealaige nua is ionduil go mbeidh sé garbh go mbeidh ceathrú do'n gealaigh ann. Bíonn fáinne mór tímcheall na gealaighe go minic le báisreach agus lé droch uair. Nuair a bíonn sí leath-bháidhthe san aer bíonn báisreach air agus nuair a bíonn sí [caithre] ar a tón bíonn droch-aimsir air. (b) Nuair a bíonn an ghrian dearg ag dul faoi(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann