Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 03_025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 03_025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 03_025
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go minic mar bíodh sé acha leis na fataí freisin, Bainne leamhnact agus bainne gear. Is an gciseóg nó ar an mbórda d'ithidhís an bhéile. Chrocthadh siad an bórd leis an bhfalla nuair a bhíodh béile aírthe aca. Bhiodh mín buidhe agus roinnt plúr aca agus do bidís ag déanamh apáin díobh sin. Do bhiodh mín coirce aca freisin agus d'ithidís é mar bhéile. Do measgadh siadh an mhín coirce agus na fataí bruiththe le chéil í dhéanadh sead é, ná na fataí as sgríobhadh le "sgreapúr " agus é 'faisgead go maith agus é bruith annsin, agus nuair a bhéadh sé bruiththe, é ithe mar arán. Ní bíodh aon fheoil ro-mhinic aca acht nuair a mharbhuighead siad beithidhigh no caoira, Is féoil úr a bhíodh aca. Nuair a bhíodh na muca mór, marbuigheadh siad ceann aca agus sailleadh siadh iad agus bíodh siad dá ithe guirt. D'ithidhís an feóil gan bheith bruiththe chor ar bith comh is dá mbeadh sí bruiththe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chonghaile
    Inscne
    Baineann