School: Sruthar (C.)
- Location:
- Shrule, Co. Mayo
- Teacher: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sruthar (C.)
- XML Page 125
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Scéal (ar leanamhaint)"Tá sé comh maith dom a bheith ag imtheacht, a dubhairt Tomás. "Go seirbhighidh Dia dhuit" adubhairt siad leis. Nuair a bhí sé imthighthe dubhairt Micheál le Seán go noidfeadh siad na rudaí a bhí ina an gcónra leis an Mainistéar óg.
"Imthigh tusa a Mhaidhc", adubhairt Micheál, agus goid caora agus rachaidh mise chuig an uaigh. Nuair a tháinig an oidhche d'imthigh na buachaillí bhí na rudaí tógtha as an gcónra ag Seán. Sheas sé ar bhárr an tuamba go bhfeicfeadh sé an raibh Maidhc an teacht.
Chonnaic buachaill an Mhinistéar é agus rith sé abhaile, agus d'innis sé do'n Mhinistéar go bhfaca sé a mhac ar bhárr an tuamba. Ní riabh an sean Mhinisteár i ndon suibhal le fada an lá agus d'iarr sé ar an mbuachaill é a iomchur chuig an uaigh go bhfeicfeadh sé an raibh sin an fhírinne.
Chuir an buachaill culaith bán éadaigh ar an Ministéar agus nuair a chonnaic Seán iad ag teacht, shíl sé go raibh Maidhc a bhí ann agus an chaora ar a dhruim aige.
"An bhfuil sé reamhar?" adubhairt Seán. Reamhar nó craithre de, seo dhuit é adúbhairt an buachaill agus é ag imtheacht in a cos ináit an Ministéar nár shiubhal le seacht mbliana.(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó Céileacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Shrule, Co. Mayo