School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 349

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 349

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 349
  3. XML “An Nollaig”
  4. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an phuist an lá sin go bhfeicfeadh sé cé'n pronntanas a gheobhfadh sé. Sé an gnó a bhíodh ag na sean-daoine dul isteach go teach an ósta thar éis aifrinn lá Nodlag deireadh siad go bhfliuchadh siad an Nodlag.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ní raibh aon aonach thart in mo cheanntar acht aonach Gaoth-Saile agus aonach Bheanncor. Théigheadh ceannuightheóirí ó theach go teach fá'n dtuaith ag ceannach coirce, fataí, mucaí, ba, eorna, seagail, turnaipí agus chuile shórt.
    Tugtar airgead chun ráta le gach beithidheach agus tugtar 'éirleis' mar ainm air. Leath-coróin nó mar sin is eadh é. Nuair a cheannuigheann an ceannuighteóir an beithidheach agus nuair thugann sé an t-airgead den bhfear, tugann sé ar ais cúpla sgilling dó agus sin é, 'eirnist.'
    'Sé an chaoi a dheineann siad an margadh, bíonn siad ag buaileadh lamhai a chéile agus imhtigeann siad sgathamh ó chéile. Uaireannta nuair a bhíonn sé socruighthe go dtí deich sgillinge nó cúig, tagann fear eile agus sgoilteann sé an margadh.
    Nuair a bhíonn an margadh déanta téigheann siad isteach go teach an óil agus bíonn deoch acú agus íocann siad an t-airgead annsin. Marcaltar an beithidhigh lé laithigh ar bhárr maide agus bíonn gorm lé cuid eile agus gearann, cuid eile an fionnadh agus bíonn tara agus sealadh dearg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish