School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 115

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 115

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 115
  3. XML “Giotaí agus Ranntaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Giota agus Ranntaí
    Ní phósfaidh mé greasaidhe na mbróg
    No fidileóir óg a chumas í
    Ach pósfaidh mé figdeoir an cheoil
    Ná sé bíos i gcomhnuidhe gliogarsaigh. (Nuala Ní Dhochartaigh)
    Chonnaic mé an seilide agus é ar a lom
    Chonnaic mé an searrach ‘gus a thóin liom
    Chuala mé an chuach is gan greim in mo broinn
    B’furust damh aithint nach rachadh an bliadain sin liom. (N. Ní. Dh)
    In am cleamhnais na bhí clampair
    Bhí go [binin]? le beagan spré
    Gan bó gan caora i dtús na hoidhche
    Sin mo mhian dá gcreidthea mé
    (Na bhí ró theann ag iarraidh crudh agus tú ag deanamh cleomhuais.
    Ma tá na tréithe eile aig an mraoi óig is leor sin) (Anna Ní Cheallachain)
    Dheanfaidh mé cuilt de mo briste a mhairfeas le saol na bhfear Ní bhamfidh mé an fhéasóg díom féin go rabh inntí míle ar fad Seacuithaidh mé margaid is aontoighe agus cuideachta daoine maith Nuir gcruinnighidh mé saidhbhreas sa caoi sin [fágfoid]? mé an saol ar fad. (A. Ní. C)
    A chaora bheag dílís fan suas go ceann míosa
    Ar eagla go rachadh ‘n suaidm ar do sceadamán bán
    Is gur [ionus]? air an gharaidh thug mé an (chead) rása sin
    An áit nach bhfásan acht cal rabach is neóininé buidhe.
    (A. Ní. Ch.)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Ní Cheallachain
    Gender
    Female
    Informant
    Nuala Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female