School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 37

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 37

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 37
  3. XML “Pádraig Amaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag marcaidheacht "ó mas tú" arsa Pádraig "tá mise go bréagh thig liom pilleadh arais na bhaile agus bheirfidh tusa leat an baraille." "Níl mé ábalta no caithfidh mise a dhul síos fhad leis na Gleanntaí, acht déanfaidh mé seo duit. Seo chugat an eochair seo. Seo eochair toighe bhig atá agam sa taobh thiar de mo theach fhéin agus tá dhá bharaille eile póitín istoigh ann. Gabh tusa agus fosgal an doras agus fág an baraille sin istoigh ann. Cuir an glas ar an doras annsin. Gabh isteach in mo theach-sa agus tabhair an eochair do mo cháilín. Annsin abair léithe gur iarr mise uirthí dinnéar maith a thabhairt duit." Chuir an duine uasail a lámh síos ina phóca agus thug sé dhá leath-chóróin do Phádraig. D'iarr sé air gloinne maith uisge beatha a ól i dteach Bhrian Uí Dhomhnaill a bhí giota beag suas an ród. "Tá mé iongantach buidheach duit a dhuine uasail" arsa Pádraig. D'imthigh Pádraig suas agus d'imthigh an t-oifigeach a bhealach fhéin. Ní theachaidh Pádraig fhad le teach an oifigigh acht chuaidh sé isteach go Dtigh Bhrian Uí Dhomhnaill leis an bharaille, agus dhíol sé an poitín le Brian annsin chuaidh sé fhad le teach an oifigigh agus chuaidh sé thart bealach cúil fhad le teach beag a raibh an dá bharaille eile istoigh ann. Bhain sé an glas de'n doras, agus thug sé amach an dhá bharaille go dtí teach Bhrian Uí Dhomhnaill, cheannaigh Brian an méad a bhí ins an dá bharaille sin fosta agus chuir Pádraig an t-airgead in a phóca. Tháinig sé anuas na cnuic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Máighread Ní Mheanmain
    Gender
    Female
    Address
    An Liuchmhín, Co. Donegal