School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Luacháin
- XML Page 120
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.
Bhí Murchadha Beag na chomnuidhe ag na mháthair agus bhí Murchadha Mór pósta. Bhí Murchadha Mór na comhnuidhe ag a bhean a mháthair agus a clann. Bhí bó amháin ag Murchadha Beag agus bhí dhá bhó dhéag ag Murchadha Mór. Lá amháin chuaidh bó Murchadha Bhig isteach í dtalamh Mhurchadha Mhór. Nuair a chonnaic Murchadha Mór sin bhí an-fhearg air agus dubhairt sé le Murchadha Beag muna dtabaireadh sé punta dó ar an méid a sgrios an bhó go muirfeadh sisean í. “O bhal” arsa Murchadha Beag, “níl punta ar bith agam-sa agus da mbéadh bheirfhinn duit é”. “Muirfhidh mise an bó, arsa Murchadha Mór. Thug sé leis a gunna agus chaith sé an bhó. Thug Murchadha Beag leis an bhó agus bhain sé an croiceann duith. Thug sé leis an croiceann agus dimthig sé go h-aonach na nGleanntach lé é a dhíol. Nuair a bhí sé ag dul thart ag na Beanna Buidhe tháinig cioth cloch sneachta air. Tharraing sé croiceann anuas ar a cheann agus an taobh istoigh de amuigh. Tháinig préacán thart agus thoisigh sé ag ithe na feola dé. Chuir Murchadha Beag amach a lámh agus fuair greim air agus chuir isteach faoi a chóta (iad) é. Chuaidh sé isteach i dteach taibhrinne agus diarr ar an t-uisge beatha a bhí aca. Thug fear na táibrinne gloine do. Chuir Murchadha Beag a lámh anonn ar a cóta san áit a rabh an t-éan agus bhrúigh é. Leig an t-éan sgread. “Ní sin an t-uisge beatha is fearr atá agat” arsa Murchadha Beag” “Caithfidh sé” arsa fear na taibhrinne, “go bhfuil eolas ag an éan sin nuair a leigeann sé sgread nuair nach mbíonn an t-uisge beatha is fearr san tsiopa agat-sa”. Thug sé gloine eile do. Cuir(continues on next page)- Informant
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 29
- Occupation
- Múinteoir