School: Béal na Cruite (Belcruit) (roll number 5734)

Location:
Béal na Cruite, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 90

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 90

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal na Cruite (Belcruit)
  2. XML Page 90
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí doighteán i mBeul na Cruite an uair amháin nach rabh a leithead san chuid seo den tír roimhe sin na o thoin.

    Bhí doightheán imBeul na Cruite an uair amháin nach rabh l leithead san chuid seo den tír roimhe sin na o thoin. Tharlaigh an táisme bronach seo i dtráthaibh na bliadhna 1862. Thuas annso ar an Chaoran ilár an bhaile. Bhí Séimí a Maoigh agus a bhean agus a dtriur chloinne na gcomhnuidhe imbóthóig san ám. Bhí teach agus talamh aige istoigh ar an Cruit acht dálta go leor daoine san am sin chaitheadh sé an Geimhreadh agus tamall den Earrach amuigh ar an Chaorán ait a mbíodh sé comhgarach den mhoin. Leanann cuid de mhuinntear Beul na Cruite den nós sin go dtí an la bhfuil indiú ann. Tús an Earraigh bhí ann agus an aimsear mar d'iarrfadh do bhéal a bhéith. Inndeoin go rabh sí fuar go maith, ní rabh dadadh fearthana ann ar feadh tamaill maith agus bhí an caorán comh tirm sin go dtiocfadh le duine siubhal fríd ina rógha bhealach.
    Bhí an bhothóg 's aca na cheann mheasarda mor. Deánta ar thaobh na malach moire atá na luighe eadar bharr an Chruit agus loch na Cuiscrighe. Ag ceann amháin den bhothóig bhí poll san tuighe leis an toit a leigint amach. Ní rabh simléar ar bhothóig san ám sin, acht bhí an chuid sin den binn ar cheart an simlear a bheith ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish