School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 163
- XML “Cearrbhach an Chábáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cearrbhach an Chábháin
------------------Bhí bean agus fear ann fad ó shoin agus bhí teaghlach mór acu. Bhí siad beo bocht. Nuair a chuireadh siad an bárr ins an Earrach ní bhíodh a dhath acu ar a shon ins an Fhoghmhar. Cearrbhach an Chábháin a b'ainm do'n fhear. Rugadh gasúr beag dóbhtha uair agus d'imthigh fear a a'toighe go teach an phobail leis le na fhagháil baistighthe. Casadh fear air agus dubhairt sé go mbaisteóchadh seisean an leanbh. Dubhairt sé gur eisean Dia.
"Bhál" ars' an fear, "má's tú Dia ní bhfuighidh tú mo leanbh le baisteadh ná nuair a chuirim bárr ins an Earrach ní bhíonn a dhath agam ar a shon".
"Beidh neart báirr agat na dhiaidh seo" arsa Dia "agus tá trí athchuinge le fagháil agat".
D'iarr an Cearrbhach na h-athchuingí. An cead ceann; a bheith ábalta gach duine a léigheas. An darna ceann é bheith ar an duine a b'fhearr ar an domhan ag imirt chártaí. An tríomhadh ceann duine ar bith a rachadh chomhair an chriann ubhall a bhí aige a lámh greamughadh do'n chrann agus é bheith annsin go leigfeadh seisean saor é. Bhí Cearrbhach an Chábháin ar shiubhal leis a g léigheas daoine. Oidhche amháin casadh an bás air agus dubhairt an bás leis, "caithfidh tú gan an dara duine a léigheas go rabh mise mo shuidhe ag na chosa". Ó sin amach ní thiocfadh leis duine ar bith a léighead mar mbéadh an bád na shuidhe ag cosa an té a bhí sé ag léigheas.(continues on next page)- Informant
- Sorcha Mhór Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 90
- Address
- Loch na nDeorán, Co. Donegal