School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 213

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 213

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 213
  3. XML “Oifig Mhuire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oifig Mhuire
    A Mhuire, agus a bhuma agus a mháthair dílis ó, slánú na cruinne in do lámha go léir Fóirthinn agus tártháil sinn i ngach cruadh-chás a mbéidh muid ann. Mó ghrádh thú a leinbh, a rugadh sa stábla agus a geineadh sa mhárta. Cuimhnigh m'anam ar uair mo bháis agus slánuigh m'anam ar do láimh dheis, a Íosa.
    XXIV
    Urnaighe chuig Íosa
    Ó a Íosa tá fhios agam go bhfuair tú bás ar mo shon, béidh tú buadhartha má dheanam a dhath ort a bhéas contrálta, agus dhéanfaidh mé mo dhicheall le bheith maith feasta.
    XXV
    Urnaighe i mbuaidhreadh
    Go ndéantar do thoil ró-naomhtha, ró-cheart, agus ró-ghrádhmar Dé i ngach uile nidh agus go rabh sí molta anois agus go bráthach Go ndeantar do thoil. Sé an Tighearna thug uainn agus sé thug dúinn.
    XXVI
    A Thighearna fóir orm nó caillfear mé
    Congbhuigh mé go dlúith leat féin le do grásaibh, no rachfadh i bpeacadh agus tuitfeadh ar siubhal uait, a Thighearna táim an-lag, agus deán láidir mé.
    XXVII
    Ughluighim do theach Dé go n-ughluighidh teach Dé damh.
    Ughluighim ar mo ghlún chlé do rí na Flaitheas agus do'n dá easball déag agus go sabhlóchaidh siad anam dá dtáinig romham agus mo dhiaidh.
    XXVIII
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Language
    Irish
    Collector
    Donncadh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Cáit Ní Gallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal