School: Gleann Sál (roll number 12627)
- Location:
- Gleann Sál, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Ceithearnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Sál
- XML Page 255
- XML “An Tobar Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Tobar Beannuighthe
Tá tobar beannuighthe i dTuar Mhic Éidigh. Anois, tá sé i "Druim a Drioghain", i dtalamh Thomais Uí Tuathail, laistiar de'n tsiopa. Uair amháin bhí sé sa roilig i Bpáirc an Teampaill. Ba le Naomh Caoláin an tobar agus an teampaill, agus mhair sé i Bpáirc an Teampaill. Bhí rian an teampaill le féiceál naoi no deich mbliadna ó shion. Bhí an teampaill sgriosta in aimsear Chromaill. Tá sgéal faoi an tobar a bhí i Bpáirc i dTeampaill. Tháinig bean lá amhain, agus thosuig sí ag nigheadh balcaisí ins an dtobar. Triomuigh an tobar agus fritheadh é tamaill ón áit briste amach i "Druim a Drioghain" - an áit ina bhfuil sé anois. Tá crainn ag fas inaice leis i sgeach caorthann.
Téigheann na daoine ar thuras dhá uair sa mbliadain - La'l Brigde, agus La na Maigdine Beannuighthe. Déanann siad státiun ann, cos-noctuighthe, agus tógann siad deoc as an dtobar. 'sa deireadh. Leagann siad rudai ag an dtobar; crocann siad na rudai ar na crannaibh i ngár don tobar.
Mar geall ar bheithidig atá tinn a dheanann na daoine na státiun ag tobar Naomh Caoláin.
Cúntas ó Phadraig O Mearda - seanachaidhe in Oillsgoil na Gaillimhe.- Collector
- M. Ní Reada
- Gender
- Female
- Informant
- Padraig Ó Mearda
- Gender
- Male
- Occupation
- Seanchaí
- Address
- Gleann Sál, Co. Mayo