School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 238
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal - An Fear nár Dhíol an Cíos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Scéal.
    An fear nar dhíol an cios.
    Bhí fear ann aon úair amhain agus ní rabh a dháth airgid aige leis an chios a dhíol agus b’éigean dó an [beidhidheach]? a thabhairt leis agus é a dhíol. Nuair a chuaidh sé giota fada thainig sé fhád le teach le taobh an chladaigh agus casadh dhá fhear dé agus d’iarr sé ortha a ghabhail isteach agus cluithche cardaí a imirt. Isteach leis agus dubhairt siadsan go gcongbhochadh siad an beithidheach dó go dtiocfadh sé amach.
    Isteach leis agus comh luach agus a chuaidh séisean isteach léig siadsan ar shiubhail an beithidheach. Tóisigh sé a imirt agus bhain sé gach cluithche agus bhí a chuid pocaí lán airgid. Cupla lá na dhiaidh sin fuair a mhuinntear rud éigintheacht cosamhail leis an fhear a d’imthigh ag an chladach agus thúg siad na bhaile é agus chuir siad é. B’éigean do’n bhean a ghabhail agus punt a fhaghail o’n t-sagart, fá choinne é a chur. Cupla lá na dhiaidh sin thainig an fear a d’imthigh agus nuair a chonnaic siad é druid siad an doras air mar gur shíl siad gur a thaidhbhse a bhí ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.