School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba

Location:
Ballinrobe, Co. Mayo
Teacher:
M. A. Ó Mathghamhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
  2. XML Page 003
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cisde Óir i bhfolach
    Do bhí manaigh i n-a gcómhnuidhe i Mainistir i n-aice le Baile an Ródhba uair amháin. Do chuala siad go raibh saighdiúrí Chromail ag teacht chun an Mainistir a chur tré theine, agus chun na manaigh a mharbhadh. Ní raibh mórán ama aca le dhul amach as an bhaile agus níorbh' mhaith leo imtheacht as an mainistir agus na cuirn is cailísí agus gach rud i gcóir Aifrinn d'fhágaint i n-a dhiaidh. Do chuir siad na cuirn is na cailísí isteach i mbosca déanta d'ádhmaid. Dheineadar poll 'sa talamh agus chuir siad an bosca isteach ann. Do chuaidh siad amach as an tír cómh tapaidh agus is féidir leo.
    Do tháinig Cromail agus a cuid fear. Do chuir siad an Mainistir tré theine. Do bhí dealbh d'Íosa Chríost ar a bhárr. Do thuit sé sin agus é tré theine ar an áit i n-a chuir siad an bosca.
    Tuairm is 50 bliadhain i n-a dhiaidh dhein cuid fear iarracht an bosca d'fhágháil acht do theip ortha. Do chonnaic siad solus láidir ar an áit n-a thuit an dealbh. Do bhí an solus cómh láidir sin nuair a chonnaic na fir é do thuit siad ar an dtalamh. Do marbhuigheadh iad. Deirtear go bhfuil an solus sin i n-a nghárda chosannta ar an mbosca ó'n lá sin amach. Tá ballaí na mainistreach i n-a sheasamh fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádhraic Ó Gogáin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Carrownalecka, Co. Mayo