School: Corra Finne (roll number 12877)
- Location:
- Corrofin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corra Finne
- XML Page 0152
- XML “Béaloideas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ba é an Gobán Saor an máisiúnach a bfhearr a bhí ann ariamh. Níorbh fhéidir é a bhualadh in a chéird. Bhí sé ag déanamh caisleáin Bhaile an Chláir agus nuair a bhí sé déanta aige dubhairt fear leis go raibh sé ag tuitim.
Dubhairt an Gobán Saor nach dtuitfeadh sé go bráthach mar bhí cloc ar chloich. "Ní bheadh sé go maith nó go bhfeicfidhe tú an t-aol ag teacht amach thríd". Má fheiceann tú ar an gcaisleán sin cífidh tú an t-aol ag teacht amach thríd. Bhí dáréag mhac ag a mhnaoi, agus inghean amháin. Shíl sé nach raibh aon mhaith leis an inghean cor ar bith, agus dubhairt sé léithí péire stocaí de na ceanabháin báine a bhíonn ag fás ar an móin. "Déanfad adeir sí má dhéanann tusa pheasaid de'n gíorla gúrla". Níorbh fhéidir na stocaí ná an pheasaid a dhéanamh.
Bhí sean fhear bocht ann fadó, agus bhí sé ag dul thart le asail agus cart ag díol noigíní ádhmuid. Oidhche amháin bhí sé amuigh an-deireannach agus casadh beirt fhear air. Beirt de'n sluagh sidhe a bhí ann. Dubhairt siad leis go gcaithfeadh siad dul in aoinfheacht leo chuig teach a raibh bainfheis. Dubhradar go raibh cailín óg ann agus go(continues on next page)- Collector
- Mairghead Ní hUrnai
- Gender
- Female
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó hUrnai
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway