School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0223
  3. XML “An Búrcach Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cuimheas le do chuid saidhbhris le do chuid saidhbhris [!] cheana?" Níl mac ná inghean agam acht tú agus níl duithche dá bhfuil agam nach agat a bheas. Is deacair duit fortún ar bith d'fhaghail níos fearr ná mar atá agat?'
    Maidin lá ar na bhárach tháinig an mac chuige aríst. A athair ar seisean bhí an bhrionglóid céadna agam aríst aréir. Facathas dom dá n-imtheochainn go raibh m'fhortún déanta. "Nár innis mé duit inde", ars' an t-athair, "Nach bhfuil aon chall ort a dhul ar lorg fortún agus nach bhfuil mórán duine sa rioghacht a bhfuil an oiread saidhbhris aige is tá agat.?"
    An tríomhadh lá tháinig an mac chuige aríst. "Bhí an brionglóid chéadhna agam aréir aríst", ar seisean, "agus ní fhéadainn fanacht níos fuide."
    "Muise", ars' an t-athair, "Feicim nach bhfuil aon mhaith bheith leat; agus ó thárla go bhfuil tú le himtheacht ná himthigh gan do shaith airgid a thabhairt leat. Thabhair leat freisin buachaill a dhéanfas freastal ort agus an capall is fearr agus an cóiste is fearr sa stábla.
    Réidhtig an mac é fhéin thug leis búrla maith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish