School: Clochar na Toirbhirte, Tuaim (roll number 12234)
- Location:
- Tuam, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr M. Proinseas
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Reachtaire do chumadh - ó Láimh sgríbhíní Seán Mhic Fhloinn, (nach maireann), TuaimIs é Bartly anglan cearduidhe is fearr ins an tír seo,
Déanfhadh sé láigh, spáid, sleaghan agus píce.
An leabaidh go sásta 's eóltor glan díreach.
A treabhadh na báinte gan bhásta, gan fuigheallach
Ceurt, cliath agus prúca idir Máirt a's féile Bríghde
Gan lorg a láimhe ní tig leo a bheith criochnuighte
An t-sluasad a chárnach an lán as an díoga
Grápa na dtrí mbriongláin le sáthadh faoi'n aoileach
Déanfhadh glas phláta go sásta agus eochair,
An poker 'sa gráta 's gan amhrus an crócha
An tlúgh don párlús an heaspa,is an bólta
Inidhe agus táirginí agus bocáin do dorsaibh
An trigger don pistol 's an gunna 'sé déanfhad
An páipéir is an bagnet 's na teanntaín na sgaoilfheadh
Sleagh, speal, nó corrán má théideann siad í gcuideacht
Tugtar chuig Bartly íad agus is Foghus dóibh faobhar
bhráin, brustaidhe, gcura sé déanfhadh go stuama
agus beulgabhadh do sríantaibh díol Iarla nó dúca
Stioróip d'on mharcach nach gclisfheadh 'san gcúrsa
agus go sásta le leatracaibh a dúnadh
Siséal a's plána, tuagh, tál, agus turachar,
An sábh mór a gearrfheadh go h-uile shórt maide(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Connaill
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tuam, Co. Galway