School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Page 0309
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a chríonann an t-slat is deacair í a shníomhNuair is truagh do'n chailligh caithfidh sí rith
Is feárr marcaidheacht ar ghabhar ná cosaidheacht dhá fheabhas
Nuair abhíonn an cat istigh bíonn an loch amuighIs feárr leath builín na abheith gan aránNí hé lá na gaoithe, lá na sgolb
An lá a bhíonn a báisteach bíonn sé fliuch, is chuid an lae amáireach go ndéanfadh sé anocht
An rud nach fiú a iarraidh, ní fiú a fhághailIs trom an t-ualach é an leisge
Bíodh an rud agat féin, nó dean dá fhuireasa
Bíodh an rud agat féin, nó, déan do ghorradh leis an ngréin
Ceannuigh droch rud is bí gan aon rudAn té a bhíonn amuigh fuaruigheann a chuidCadh a dhéanfadh mac an chait acht loch a mharbhúghadh
Is feárr focal san gcúirt ná bonn san sparánNí tig leis an ngobadán an dá thráigh a fhreastalIs maith an capall a tharrnígheann a cárr féin
An té nach gcleachtann an mharcaidheacht, dearmadann sé na spoir(continues on next page)