School: Leithrinn

Location:
Lerhin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Labhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 164

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithrinn
  2. XML Page 164
  3. XML “Ceapadóireacht - Oíche na Gaoithe Móire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cheapadar go raibh stoirm gaoithe ag teacht.
    Ins an tráthnóna bhí an ghaoth ó'n taobh thiar theas. Bhí sgannradh ar na daoinibh. Bhí sé ag éirighe níos measa gach leath-uair. Bhí scamaill dubha, dorcha ins an spéir. Bhíodar ag rith treasna na spéire. Bhí an ghaoth ag séidiughadh go láidir. Ar a deich a chlog bhí sé an-fhiadhain.
    An uair sin bhí na tighthe beag agus ceann tuighe ortha. Bhí na daoine beagnach marbh. Scuab sé ceann an tighe lei. Leag sé na préamhaca. Bhris sé na fuinneóga agus na dóirse. Ní raibh fághtha ach na ballaí. Bhí an ghaoth go h-uathbhásach. Ní raibh na daoine inann a nghuth féin a chloisteál.
    Ní rabhadar inann a bpaidreacha a rábh. Taréis tamaill tháinig teinntreach aisteach. Sheas gach splanc leathuair beagnach ins an speir. Bhí solus breádh taobh amuigh. Cheap na daoine go raibh deireadh an domhain ag teacht. Sheas an fear seo agus a mháthair faoi stuagh dorais an t-Seómra. Bhíodar dall leis an teinntreach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. winds (~357)
    Language
    Irish
    Collector
    Éibhlín Ní Chearnaigh
    Gender
    Female
    Address
    Kippaunagh, Co. Galway