School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sean pholl ins an leas freisin. Tá sé beagnach dúnta. Comhnuigheann na coiníní ins an bpoll sin. Ní mharbhuigheann nó ní itheann aonduine na coiníní sin mar síleann siad go bhfuil draoidheacht ionnta. Chuala me go leór sgéalta ó m'athair faoi'n leas., Seo ceann aca.
Bhí fear ina chomhnidhe i leithrinn uair amháin. Bhí sé an-shanntac. Bhí sgeac ag fás ina pháirc. Theastuigh uaidh é a bhaint amach. Chuaidh sé amach trathnóna amháin. Nuair a tháinig sé comhfada leis an sgeic chuala sé guth ag rádh leis "ná déan aon rud ormsa". Do léim cat dubh suas as an bpoll. D'orduigh sé dó a dul abhaile. Bhí faitchíos an domhain air, agus rinne se amhlaidh. Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair sé bás. Deirtear gur sguab na sidheóga é.
Seo sgéal eile a chuala mé. Bhí fear ina chomhnuidhe i leithrinn uair amháin. Théigheadh sé ar chuairt chuile oidhche. Bhí an leas ar a bhealach abhaile. Nuair a tháinic sé chomhfada leis an leas chuala sé ceol breágh. Sheas sé. Rith na sidheóga in dhiaidh. Bhí abha inaice leis. Léim sé treasna na
h-abhann. Bhí sé sior ó na sidheóga annsin mar ní féidir leo dul treasna na h-abhann san oidhche.- Collector
- Mairéad Ní Mhainnín
- Gender
- Female
- Address
- Lerhin, Co. Galway
- Informant
- Lúcás Ó Mhainnín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Lerhin, Co. Galway