School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mbóthar. Ní raibh ag chuile dhuine ach cúpla achra. Chuir sé iad le chéile agus marsin bhí feirm mhór aige. Fuair na daoine bochta bás ar thaobh na mbóthar agus ins na páirceannaibh.
D'innis m'athair an sgéal seo dom. Fuair sé é ó'n a shean-athair nuair a bhí sé óg. Bhí fear ina chomhnuidhe i dTumárd. Bhí sé pósta. Bhí clann aige. Ní raibh acht seacht n-acraí talmhan aige. Bhí sé an-bhocht. Bhí teach beag aige. Tá rian an tighe le feiceál indiú. Bhí an tighearna talmhan ina chomhnuidhe in Átháin. Bhí an caisleán suidhte in áit a bhfuil an loch indiú. Do chomhnuigh sé ins an gcaisleán sin. Fear an-gharbh agus an shanntach a bhí ann. Protastúnaigh a bhí ann, agus marsin níor thaithnigh sé le na Caitilicigh. Ní raibh an fear bocht sin inann an chíos do sholáthar do'n Tighearna talmhan sin. Do chaith sé amach ar an mbóthar é. Chuaidh é féin agus a chlann go dtí Tig na mBocht. Fuaireadar bás annsin leis an ocras.
Thainig duibheachán ar na fataibh, san mbliadhain míle ocht gcéad dachad is a cúig. Do loit sé an chuid ba mhó aca. Bhí na fataí go han flúirseach le blianta roimhe sin. Do lobhadar ins an bpoll. Bhí na daoine(continues on next page)- Collector
- Máire Nic an Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Lerhin, Co. Galway
- Informant
- Pádráig Mac an Báird
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Lerhin, Co. Galway