School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 017
  3. XML “An Ceannaí Rua agus an Ceannaí Fionn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chéile. Ar deireadh sháth Seáinín an scian ínnte agus thuit an bhean ar an urlár agus í mar bheadh sí básuighthe. Badh gheárr go raibh an t-urlár lán le fuil agus bhín an íongantas ar na ceannuidhthe. "Crochfar thú mar gheáll ar sin" ar seisiadsan le Seáinín. "Ó is geárr a bheas mise d
    a deanamh sin beó arís" arsa Seáinín ag dul siar sa seomra agus ag fagháil adharc mór. Chuir sé an adharc le na cluais agus dubhairt sé "bú bú a bhean an tighe bí do shuidhe go beó" agus ar an bpoinnte deirigh an bhean agus gan a dhath uirthe. "Anois" ars Seáinín "nach iongantach an cleas é sin". Muise is géar a theastócad a leath cheann sin d'adharc uaimse arsa duine de na ceannaidhthe mar bím féin agus mo bhean ag troid go minic. D'iarr siad an adharch ar Sheáinín annsin agus thug siad an oiread seo airgid dó air. Dímthigh leó annsin agus an athar ortha faoin adharc a bheith aca. Nuair a chuaidh duine aca abhaile badh geárr gur thosuigh a bhean air acht ní dhearna seisean acht an scian a sháith ínnte agus thuit sí básuighthe. Rug seisean ar an adharc agus chur sé le an cluais é agus dubhairt sé "bú bú a bhean an tighe bí do shuidhe go beó" acht níor chorruigh sise. Bhí a fhios aige san ar deireadh go raibh sí básuighthe agus bhí an olc air agus bhí sé le dul agus Seáinín a bháthadh an uair seo. D'imthigh sé féin agus an ceannuidhe eile annsin go dtí theach Sheáinín acht ní raibh sé istigh rómpa. Bhí cleas eile ceaptha ag Seáinín an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    AT1542: The Clever Boy
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhioráin
    Gender
    Female
    Address
    Sruthán, Co. Galway
    Informant
    Seáin Uí Thuathail
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Creig an Chéirín, Co. Galway