School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eoghanacht
- XML Page 056
- XML “Miceál Riabhach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mór trom ní bhrisfheadh sí ubh circe dá siubhaladh sí uirthe bhí sí chomh h-éadtrom sin ar a cosaibh. Bhí triúr mac ag an saor-cloiche seo. Bhí fear aca ag eirighe suas nuair a bhí an Land League ar siubhal. Bhí báille san áit seo an t-am sin agus caitheadh urchar leis oidhche amháin agus loiteadh é acht níor marbhuigheadh é. Bhí neart peelers san áit seo an t'am sin agus creidim gur airigheadar an t'urchar dhá chaitheamh agus ritheadar go dtí teach áithrid 'na raibh fear a raibh aimhreas aca air. Bhí an fear seo ar an leabaidh rómpa acht bhí séidheán air mar bheadh sé tar éis a bheith ag ritheach agus tógadh é. Mionnaigh an báille air gurbh é a chaith leish agus cuireadh i bpríosún é lé 'na shaoghal a chaitheam ann. Chaith sé chúig bliadhna ann agus caithfheadh sé a shaoghal ann creidim marach mac an tsaoir cloiche seo a bhí in Ameríoca a d'adhmhuigh ós comhair fiadhnaisí gurbh é féin a chaith an t'urchar leis an mbáille. Leigeadh saor an fear eile annsin agus tá sé beó san áit seo fós.
- Collector
- Brighid Ni Fhlannagáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway
- Informant
- Seainín Tam Ó Direáin
- Gender
- Female
- Age
- 66
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Address
- Sruthán, Co. Galway