School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eoghanacht
- XML Page 058
- XML “Cleasanna agus Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"chúig phighne" "deich bpighne" no rud eicint mar sin le é chur dhe féin.
Seán Dearg ó Charraig an Droichid
Is beag an difríoct a bhí idir an clea seo agus a'díol an choirce. Bhíod scata malrach thart ar aon duine amháin agus ainmneacha mar "Dhá pighinn" "trí pighne" agus mar sin dhe ceaptha ortha. Thosuigheadh an máighistir mar seo:
"Is mise Seán Dearg ó Carraig an Droichid
Atá a'díol mo phíosa eangaigh le fear dhá phighinn"
Fear an dá phíghinn -- Ar mise a mhúirnín
Seán Dearg ó Charraig an Droichid -- Is tusa a mhúirnín.
Fear an Dá phighinn -- L'éitheac a mhúirnín.
Seán Dearg -- D'eile ar a mhúirnín
Fear an dhá phíghinn -- "Fear deich bpighne" agus leanfad air mar sin. Muna bfreagrócadh chaon duina a ainm féin go sciobtha geobhfhadh sé lascadh mhaith.
"Faicit" Bhíodh chomh maith le deichneabhar no dhá dhuine dhéag na shuidhe síos thart timceáll i bhfáinne ar an úrlár agus a lámha faoi na iosgaidibh aca. Bhíodh fear amháin i lár báir eatorra. Bhíodh píosa de rópai fighthe dúbalta agus é tuairim slat ar fad, é cruaidh trom agus nuair bheadh druim an fhir láir tughtha do dhuine eicint d'en dream a bhiodh na suidhe síos bhuailfide iarradh d'en ropa aniar sa(continues on next page)- Collector
- Micheál Ó Flannagáin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Informant
- Séamus Ó Flártaigh
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Siúinéir
- Táilliúir
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway
- Informant
- Seánín Taim Ó Direáin
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Address
- Sruthán, Co. Galway