School: Carnán (roll number 14031)
- Location:
- Carnaun, Co. Galway
- Teacher: Tadhg Ó Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carnán
- XML Page 020
- XML “Seanscéal - Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gobán Saor.
Bhí fear ann fadó agus Gobán Saor an t-ainm a bhí air. Bhí mac amháin aige agus nuair a d'éirigh an mac suas in am a phósadh ní tiúbhrainn a athair cead dó aon bhean a phósadh ach bean a thiúbhradh abhaile craiceann agus a luach. Bhí sé ibhfad ag iarraidh an bhean sin a fhághail. Casadh air bean a bhí inann sin a deanadh. Tharraing sí an olann den craiceann agus dhíol sí an olann. Ní raibh aon mhaith ins an gcraiceann agus thug sí an luach abhaile agus thug sí an gcraiceann abhaile freisin.
Tar éis an phósadh léigh an Gobán sa bpáipéar go raibh teach mór le déanamh i Sasana. Chuaidh sé fhéin agus a mac go Sasana agus thóg siad an teach ar teasg. Nuair a bhí an teach déanta aca ní raibh aon teach faoi'n domhan déanta mar é.
Dubhairt an Rí go marbóchadh sé iad le faitcíos go mbeadh aon teach eile déanta mar é. Cuimhnígh Gobán ar phlan agus dubhairt sé leis an Rí nach bhféadfadh sé an teach a críocnuighadh go bhfuigheadh sé oirnéis a bhí aige sa mbaile. Ní leigfeadh an Rí é abhailele faitcíos nach dtiocfad sé aireas. Chuir an Rí a mhac fhéin go h-Éirinn leis na h-oirnéis d'fhághail.
Nuair a shrioc sé teach Gobáin d'innis sé le bean mac Gobán gur theastaigh a leithéad seo d'oirnéis uaidh. Dubhairt sí go raibh siad istigh sa seomra. Dubhairt sí leis fhéin a dhul(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cóisthealbh
- Gender
- Female
- Address
- Glenmore, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Cóisthealbh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Glenmore, Co. Galway